Staidéar 5G Banda 26 GHz

 

Tá an Banda 26 GHz (24 250 – 27 500 MHz) ar cheann de na trí bhanda ceannródaíoch speictrim atá aitheanta mar a bheith oiriúnach do sheirbhísí “5G” a sholáthar san Eoraip.

In 2020 choimisiúnaigh ComReg Staidéar 5G Banda 26 GHz chun eolas a thabhairt ar a machnamh faoin gcreat/faoi na creataí ceadúnaithe cuí do chearta úsáide an Bhanda 26 GHz a sholáthar (lena n-áirítear soláthairtí “5G” a éascú).

Meastar sa staidéar ag Plum agus IDATE na ceanglais le haghaidh seirbhísí atá ann cheana féin chomh maith le soláthairtí WBB a éascú, lena n-áirítear 5G trí chreataí ceadúnaithe cuí agus iarrtar ar thuairimí mar ionchur do chomhairliúchán Comreg a bheidh ag tarlú go luath ar a chéad Ráiteas Straitéise um Bainistíocht Speictrim Raidió eile.

Is féidir tuarascáil ar an staidéar seo, a foilsíodh in Eanáir 2021, a íoslódáil ANSEO.

Faoi láthair, tá Naisc Fheistithe, FWPMA, agus Seirbhísí Náisiúnta Bactha ó Phointe go Pointe san áireamh in úsáid náisiúnta an bhanda 26 GHz.

Tá thart ar 1,458 MHz den speictream neamhshannta faoi láthair sa Bhanda 26 GHz, atá roinnte thar na réimsí 24 250 – 24 605 MHz / 25 445 – 25 613 MHz / 26 453 – 27 500 MHz, mar a leagtar amach thíos.

 

 

 

Faigh rochtain ar an speictream glan, soiléir seo atá ar fáil trí Tástáil & Triail na hÉireann anois.

Staidéar 5G Banda 26 GHz